Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ag 14 bliana d’aois, ar fostú, ag imeacht amach an Chraoslaigh le bean siopa. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh aici. Obair tí. Bhí am crua aici ansin, ghortaigh sí a méar agus b’éigean di í a fháil lansaithe. D’fhág sí í agus chuaigh sí na bhaile le Freddie ar veain an aráin. Chuaigh sí ar ais chuici tamall beag ina dhiaidh sin agus fuair sí moladh mór ón bhean tí. | 00:07:42 | |
Cur síos ar chuid den am a chaith siad thall, bhí beirt deirfiúr léi thall fosta. Scéal faoi lá a fuair siad airgead i bhfolach istigh ar chúl priosa.
Bhí jabanna difriúla aige ag sábháil airgid leis an teach a cheannach.
Bhí méadar acu ina gcaitheadh siad airgead a chur isteach ann le leictreachais agus gáis a fháil.
An nós a bhí acu Hogmany, oíche na sean bliana. | 00:05:32 | |
Chaith siad 10 mbliana thall, rugadh na páistí uilig thall. Bhog siad cúpla uair ó áit go háit, bhí teach amháin agus bhí Ned ag meas go raibh rud inteacht ait fá dtaobh de ach shíl Bríd gur ina cheann a bhí sin. Bhog siad ón teach sin go teach eile ach sa deireadh dhíol siad suas agus tháinig siad na bhaile. | 00:02:43 | |